Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 22
- XML “Gleann Shrath Chaisil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nach n-eiteochadh a'n deoraidhe fá dhídean,
Na 'n gortach fá biadh na deoch
Pór fiúntach fíor-rioghamhail Thír Chonaill
Nár buaidheadh i gcomhrach ariamh
A bhí i gcomhnuidhe ar thoiseach an bhriste
Ag cosaint a gcreidimh sa tír.Tá sean-teanga uasal ár sinnsear
Dá labhairt ann gach oidhche is lá,
Tá ceol binn na mbárd ghá seinm
Mar do bhí ann san aimsir fadó.
Is minic do bhuail mé go croidheamhail
An sean-rinnce gach oidhche annsin,
Le cailín croidheamhail subhailceach
Nach bhfaca mé a sárughadh ó shoin.Slán, slán leat, a ghleann bhig Sráith Chaisil,
Céad slán le do thaoibh ghlais go deó,
Ní féidir damh dearmad a dhéanamh
De do mhuintear fhad is mhaireas mé beo.
Go raibh sonas is séan ar do ghortaibh
Go raibh subhaileach an Riogh i ngach cró
Na go bhfillidh mé arais chun mo ghleann bhig
Gan sgaramhaint arais na go deó.- Bailitheoir
- Áine M. Ní Fhuathaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Thiománaidhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 25
- Seoladh
- Mín an tSamhaidh, Co. Dhún na nGall