Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 24
- XML “Carraig an Mhonamair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go Bruid is go Baile na gCarraigín, go Ma-gead is go Ceannon, go Fíris 'na Baile n-Árd. Laghad sin ar mo chostas mé agus b'éigin damh dhul ag iarraidh na déirce seo. 'Sé a dh'iarraim oraibh, déirc a thabhairt do'n duine bhocht atá gan cur earraigh, gan brigh an fhoghmhair, gan comhnuidhe geimhridh, gan luth, gan láthair, gan bhean, gan mháthair; le bheith na seacht sáith i gcionn na bliadhna, mbur gcuid agus mbur gcostas, ------- i bportach agus i gcréafóig, i ndomasaidhe, is i léana, i sráid agus san mbaic-ard (back yard) agus i gceart lár an urláir.
'Sé dubhairt cailleach liom indé na raibh aice acht 3 sreamaidí bó, trí chuit fhirrin a' diúl ortha, "Ní fhanann tú go mblightear iad, gcobhadh tú braon da gcuid bainne." "An áit a gcasfaidhe orm cailleach lom bhréanach leisgeamhalach de do sheórt déarfadh nach mbéadh bainne ag na ba seasgair na aon fhata bainte aice bhuailfinn uirthi buile de'n chiotáil de'n bhruataoil de'n mhórdán mhór, de'n tsceapóig chroim os cionn na tóine uirthe a chuirfeadh siubhal na seasadh in a cómhartha lom."
Na is iomdha mála sgáirtí ormsa cibé na léar díbhse mo dheacair, mála an tuighe, mála an t-seóigh, mála an tslinneáin, mála an mhuineáil, crois mhála is mála na tóine 'gus an wool bag. Slasaire(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine M. Ní Fhuathaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Bheárnaí Longáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 60