Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)casadh sé é tiocfadh tréan min coirce as go rabh [ag]? teach lán min coirce [aige]?. Bhí sé ag díol an coirce cupla scilling níos saoire na duine bith eile. Déirigh bean Maghnus ro bhrodamhail agus dimthig sí la amhain, nuair nach n-innseochadh se duithe cá áit a bfuair sé an bró. Nuair a chonnaic Maghnus an bhean ag imtheacht dinnis se duithe ca bfuair se an bró. Dá g-casadh sé o shoin e ní thiocfadh min coirce ar bith amach as. Glac Maghnus fearg agus thug sé leis an spád agus croiréan arais agus cuaidh se go dtí an corraidhe. Muná g-cuirfidh sibh inghean Lord Connor amach chugam doighfidh mé an spine. Chuir siad amach inghean Lord Connor chuighe. “Tá sí agat anois agis is beag an mhaith a dhéanfaidh sí duit no tá sé bodhar bolamh. Thug se leis abhaile i. Bhí Brighid ag gabhail un t-siopa lá amhain agus cualaidh sí an callán ins an spine. Sé an rud a bhí siad a’ rád, “Is beag an rud a leasochaidh inghean Lord Connor. Na[]? fhiaga agus ná barr bán atá orta a thabhairt duithe mar dheoch. Thainic Brighid abhaile agus dinnis sí do Mhaghnus caidé mar bhí. Fuair se ná faiga agus tug sí duithe mar dheoch iad. Deirigh sí comh doigheamhail is bhí sé ariamh. Tháinic an chainnt agus achan rud aráis. Nior stád se go rabh se i g-Connactaibh leí. Thuit an mhathair a [leige]? nuair a chonnaic sí an cailín ag teacht isteach. [Dfiuf]? Maghnus duithe nuair a tháinic sé chuice fhéin caide chuir a laige i. “O arsa sise ní fhacaidh me bean a bhí comh cosamhail le m’ingean a fuair bás ta bliadhain o shoin. Sin [dingion n]? maith agus comh slán is bhé sí ariamh. Dinnis sé deireadh duithe. Bhí Lord Connor ag togail sa in íochtar Connachta. Thainic sé abhaile agus bhí luthghair mhór air roimhe an ingean. Prionn se an talaimh ar Maghnus. Chuir se fachoinne Brighid agus tá an burt aca ná gcomhnuidhe i Connachtaibh o shoin.
- Bailitheoir
- Peg Nig Eiteigin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Áine Bean Uí Briosláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall