Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)

Suíomh:
Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Luacháin
  2. XML Leathanach 141
  3. XML “Pisreoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (7) Ba choir duit seileóg a chaitheamh isteach i gcuid gamhna sul a dtabhairfhidh tú dó é.
    (8) Ma gheibh tú crudh capaill ar an bhealach mhór ba chóir duit é a thabhairt leat giota agus annsin é a chaitheamh uaid arais ar an bhealac mhór.
    (9) Nuair a theid bó amach an chéad uair indhiaidh breith, ba chóir maide briste, agus uibhleog a fhágail ins an doras roimpí agus caithfhidh sí coiscéim a ghlacaint thairis.
    (10) Ma chastar asal ort ar an bhealach mhór agus tú ag dul ar aistear. Béidh ádh ort an lá sin.
    (11) Má bhíonn tú ag dul un aonaigh agus eallaigh leat agus bean ruadh agus í costarnacht a chastal duit ba chóir duit pilleadh abhaile na ní dhiolfhaidh tú an lá sin.
    (12) Níor choir duit slatacha nó féar a bhaint in áit uasal. Ma bhaineann tiocfhaidh na daoiní beaga ort.
    (13) Níor choir bó a bhualadh le bata cuilinn.
    (14) Níor choir duit salann a dhórtadh na tiocfaidh droch ádh ort. Má dhóirteann ba chóir duit e la thógail agus e a chaitheamh thar do ghualainn.
    (15) Níor cheart duit do chuid urnaighe a rádh agus tú ag amharc isteach i leabaidh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge