Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Luacháin
- XML Leathanach 161
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An té nach bhfuil láidir caithfidh sé bheith glic
An rud nach dtugtar as gheobhthar ann
Na tabhair do breith ar an chead sgéal go
mbeirfhidh tú ar an dara sgéal.
Muna gcuiridh tú ‘san Earrach ní bhainidh tú ‘san Fhóghmhar.
Nuair is mó an sport is coir stad de.
Ba mhinic bhris béal duine a shrón
Ritheann uisge domhain go ciúin
Nodlaig ghlas -- roilig mhéith
Is glas na cnuic i bhfad uainn, acht mas glas ní féarmhar.Tá na sean - fhocla ag muinntear na háite seo go coitcheannta.