Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 285](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1050%2FCBES_1050_285.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 285
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Éadan Anfaidh
- XML Leathanach 285
- XML “Roibín Gabha Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhuidheach díot, da dtabhairfea iasacht do cheardcha damh ar feadh chúpla bomaite; tá cruitheacha agam le cur ar an chliobóig seo."
"Bhéarfaidh agus fáilte," ars Roibín.
Tharraing an Gasúr Glas isteach an chliobóg, leag ar an urlár í tharraing tuath bheag ghéar amach as a phóca agus gheárr na ceithre cosa de'n chliobóig. Chaith sé isteach sa teine iad agus thoisigh a shéideadh. Indiaidh tamaill tharraing sé amach cos agus bhuail suas ar an chliobóig í. Tharraing sé amach ceann eile agus bhuail suas í, agus ceann eile agus ceann eile. Annsin bheir sé greim sraein ar an chliobóig agus thóg 'na seasamh í agus bhí na cruitheacha thuas aige a b'fhíor bhréaghta dá'r leag Roibín súil ariamh ortha. Thug sé buidheachas do Roibín, phreab in áirde san dialaid agus as go bráthach leis an bealach ceadna a dtainic sé.
Anois, bhí sean-chapall bán ag Roibín nach dteachaidh a'n chruth uirthí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Ó Éaghrain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 88
- Gairm bheatha
- Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín an Duáin, Co. Dhún na nGall