Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 405](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1050%2FCBES_1050_405.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 405
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí bean an ghabhann ag éisteacht ar fad agus ní thiocfadh léithe coingbheailt aicí fhéin ní b'fhuide. Cuiridh sí amach a ceann agus ars sise: "Nach iongantach na 'Cú-na-h-Adhairce', a tugadh ort in áit Cú Chulainn?"
Bhí greim ag Cú Chulainn ar chasúr an ghabhann an fhad a bhí sé ag éisteacht an sgéil. Le tréan na feirge a bhí air anois chaith sé an casúr ar an mhnaoí agus rinne cilpín dí. Amach ar an dorus leis de léim.
Deirtear da bhfuigheadh Cú Chulainn céad an sgéal sin a chríochnughadh go m'bhé an sgéal é a b'fheárr da'r h-innseadh ariamh ach chuir bean an ghabhann deireadh leis an lá sin agus chár innis Cú Chulainn é ariamh ní ba mó.
Chuaidh siadsán an t-Áth
Mise an clochan,
Báitheadh iadsan
Agus thainig mise.- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann