Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)
- Suíomh:
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Fhloinn
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 258](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1051%2FCBES_1051_258.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 258
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)léithi. Mharbh sí an madadh sin agus annsin fuair sí suas leis ag Min-na-Márac agus annsin sgaoil sé an Mharach léithi agus mharbh sí é sin agus fuair sí suas leis ag loch Muc. Thosuigh an bheirt ag troid. Leag an mhuc ar a dhá ghlúin é. Nuair a d’éirigh sé arais chuir sé a mhéar in a bhéal agus rinne sé fead glaice. Suid fead an Fearghamhain arsa Fiongiolla ma tá sé beó. Bhí sí ag cíoradh a cinn agus bhí a gruaigh sios léithi. D’imthigh sí le na dearbhrathair a sadhbhal agus bhí sí ag snamh ins an loc. Istigh in a naprun bhí trí mearóga agus nuair a bhí sí ar an taobh tall shaoil sí gur ar an taobh eile a bhí an feadalach. Bhí sí anonn agus anall gur eirigh sí tuirseach agus go deachaidh gruaig a cinn faoi a cosa agus gur(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall