Scoil: Béal an Átha Móir (uimhir rolla 10105)
- Suíomh:
- Béal an Átha Móir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Mícheal Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Óch caidé dheánfaidh muid”, arsa Fionn Mac Cumhail. “Cagann dó órdóig a Oisín”, arsa duine eile acu. Chagann Oisín a órdóig agus dubhairt sé, “níl ach rud amháin le deánamh agus sé sin, tá buideál beag amuigh annsin faoi leic agus é a chuimilt ar na cathaoireachaibh, geobhaidh muid réidhtighthe”. “Ach caidé’n dóigh a gheobhas muid an buideál”, arsa duine eile acu.
“Ar ndoighe níl Goll Mac Móirne annseo” arsa fear acu, agus b’fheidir a Fhíonn da ndeánfa trí fhead ghlaic go gcluinfeadh Goll tú agus go dtiocfadh sé a chuidhiughadh linn.
Chualaidh Goll iad agus tháinic sé fhad leis an áit a rabh na Fianna. Nuair a tháinic sé isteach d’innis na Fianna dó da bhfuigheadh sé an buideál a bhí faoi leic amuigh annsin agus é a chuimilt ortha-san go bhfuigheadh siad reidhtighthe. Fuair Goll an buideal agus nuair a bhí sé reaithte ní rabh dadaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Finne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Guill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Leac Dubh, Co. Dhún na nGall