Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 123

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 123

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 123
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear ann fadó shoin ar b'ainm do Cormac. Nuair a fuair a athair agus a mhathair bás, ní rabh do ghleas beo aige ach sean ghearran bán.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tharraing Cormac an claidheamh agus mharbh an tarbh. Thainig sé anuas fríd an choillidh agus an tarbh leis. Níor imthigh aon duine ariamh ar an tarbh chéadhna. D'iarr an mháthair ar an fháthach cuid de'n fheoil a bhruith, agus cé bíth duine a d'íosfadh an chuid bá mhó dhen fheoil cuirfeadh sé an duine eile 'un báis.
    Ar maidín lá thar n-a bhárach bhí cuid de'n fheoil bruithte ag an tsean mnaoí. Shuidh Cormac agus an fáthach síos ag agcaid. Thoisigh siad a íthe.
    "Cé bíth againn is mó a iosfas," ars an fáthach, "thig leis an duine eile a chur 'un báis."
    Bhí croiceann an t-sean ghearrain ar Chormac. Thoisigh an bheirt a íthe. Ní rabh greim den fheoil dar íth Cormac nach rabh sé a leigint síos ins an chroiceann. D'fhiafruigh an fáthach de Chormac no nach rabh a sháith ithte aige.
    "Níl no bhaoghal mo sháith," arsa Cormac, ach da mbíodh fhéin, thiocfadh liomsa fuascailt a thabhairt do mo chuid fhéin. Thug sé leis an claidheamh agus rois sé é fhéin go dtí a sceadaman. Thuit an fheoil uilig amach ar an urlar.
    "Dean sin liom-sa fosta?" ars an fáthach.
    Sháith Cormac an claidheamh ins an fháthach agus mharbh sé é. Nuair a thainig sé anuas 'na cistearnaighe bhí an tsean bhean ag meascadh an phóta a bhí lán fa choinne Cormac a scalladh.
    Fuair sé greim da chois uirthí agus chuir sé chloigeann isteach sa phóta. Bhí an fáthach agus a mháthair marbh. Thug Cormac leis an mhéid óir agus airgid a bhí ag an fháthach,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Antoin Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall