Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 431
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)h-athra lá thar na bharach.
"Is meadhnoir," arsa sise, "da mbínn ann."
"Tá an dearbhrathair is sine do do chuid a' gabhail a pósadh," arsa an madadh dubh annsin.
Thug sé leis siosúr agus ghearr sclabhóg as a cuid éadaigh. D'fhás culaith gheal uirthí. Chuaidh sé amach agus tharraing tom saileóige duibhe as bruach na fairrge agus rinn sé cóiste do a rabh ceithre rothaí air.
Chuir sé í fhéin agus an leanbh isteach ann, agus chuaidh sé fhéin a tharringt amach as an fhairrge. Shnámh sé leis go rabh sé faoi theach a h-athra. Chuaidh sé fhéin agus ise agus an leanbh suas go teach a h-athra. Bhí cruinniughadh mór daoine ag an teach. Bhí an dá dheirbhsiúir ann agus a gcuid fear. Ní rabh aon bhean ins an chruinniughadh a bhí comh caithte (cothuighiste) le bean an mhadaidh dhuibh. Bhí a cuid deirbhsiúir ann agus gan aon deor fhola ina n-aghaidheanna. Bhí a gcuid súl slugtha siar ina gceann. Nuair a shuidh siad a ithe bhí an madadh dubhfaoi'n tábla. Ní rabh aon ghreim dar ith sise mar chuir sí dhá ghreim chuig an mhadah dhubh faoi'n(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conall Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Dhuirnín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall