Scoil: Acres (uimhir rolla 10827)

Suíomh:
Na hAcraí, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eilis Ní Dhomhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 66

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 66

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Acres
  2. XML Leathanach 66
  3. XML “Seán agus A Chara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seán agus a Chara.
    Bhí fear ann uair amháin agus sé an t-ainm a bhí air, Seán. Bhí cara mór ag Seán darbh ainm Tomás. Nuair a bhí Tomás ag fághail bháis bhí brón mhór ar Sheán, agus d’iarr sé ar Thomás a theacht arais chuige, nuair a bhfuigheadh sé bás, agus a dhinnse do cé’n cineál saoghal a bhí acu i bhflaitheas. Gheall Tomás sin, acht tá fhios ag gach duine nach feidír leis a theacht arais.
    Cupla lá na dhiaidh sin, fuair Tomás bás, agus cuireadh é.
    Chuaidh an t-am thart, agus oidhche amháin bhí Seán ag siubhal thart fá’n loch a tugtar loch Meala air. Chonnaic sé lámh sínte aníos fé’n uisge, agus chualaidh sé duine ag rádh, “tar annseo, agus tarraing amach mé”. D’aithin sé glór a chara a fuair bás, agus scannraigh sé. Thug sé do na bonnaibh é. Nuair a shroich sé a theach fhéin, thuit sé i laige.
    Lá thar na bharach chuaidh sé fhad leis an tsagart, agus d’innis sé do, caidé tharla an oidhche roimhe. Dubhairt an sagart leis nárbh é chara a bhí ann acht an diabhail.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    Ailt an Chorráin, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Dochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    Ailt an Chorráin, Co. Dhún na nGall