Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Éanna
- XML Leathanach 203
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leigheasanna
I Leitir ‘ica Bháird annseo tá (duine) daoine fé léith a bhfuil léigheasanna ann. Tá fear ar an bhaile sin dairb ainm Clocbhaile. Cathal O Domhnaill ainm an fir sin agus tá leigheas aige dón Cait Brághaidh. Sé an dóigh a gnídh siad é nó. Théigeann na daoine a bhfuil an Cait Braghaidh orta chuig an duine seo. Ní thig leobhtha na rudaí a gnídhtear a innse no ma innsean ní bhfuig siad biseach. Trí huaire a théigeann siad indiaidh a cheile. An chead lá bheireann siad airgead gheal do.
Tá léigheas ag ingineacha a rabh an sloinneadh ceadna ag an mháthair agus an áthair sula bpóstar iad. Sé an dóigh a gníd siad no a nanál a shéidead isteach imbéal an duine a bhfuil an “Galar Béil” air. Trí huaire ar feadh lá an t-am atá le é a léigheas. Corr uair déantar naoi nuaire indiaidh a chéile é. Páistí beaga tuairm as mí no beirt de aois a bhíonn an “Galar Béil” orta.
Tá léigheas ag Cloinn Uí Cathail dón “Ruad”. Na daoine a bhfuil an “Ruad” ortha théigheann siad chuig duine de Cloinn Uí Cathail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brian O Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann