Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)h-iarradh ar fhear dé lucht an toighe a ghabhail amach agus an chuid bá shaidhbire dé na toighte a chuartughadh, agus chuaidh.
Ar theacht aráis do, dubhairt sé nach rabh marbhan ar bith lé faghail aige. “Arsa an sagart leis an ghasúr”?. Bfhéidir gur chor duinn fhéin a ghabhail amach, agus d’imthigh siad.
Tháinig siad fhád lé cró béag toighe. Ní rabh comhnuidhe ar bith ann, agus ar gabhail isteach daobhtha, fuair siad sean-bhean in-a luidhe marbh a chois na teineadh. Bhí dhá choinneál lásta as a ceann ar gabhail ann daobhta. Bhí ceann dé na coinnle ag gabhail ás, agus bhí solus maith air an ceann éile.
“Caidé is ciall do cheann dé na coinnle a bheith ag gabhail as, agus solús maith ar an cheann éile”?. Tá arsa an gasúr”, seo bean a bhí pósta fád I soin. Fuair a fear bás, agus bhí beirt phaistí áice. Nuair a bhí duine acá indiaidh a teacht ar an t-saoghal, bhaist an sagart é agus fuair sé bás. An dara duine a bhí ann, rinneadh baisteadh tuata ar, acht fuair seisean bás sul ar bhaist an sagart é.
Sin an choinneal atá ag gabhail as(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosamh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall