Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 385
- XML “Mac na Baintrí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Arú", ar' sise, "an bhfacaidh tú Pádraic s'againne annsin, ná caidé 'n cineal dóigh' atá ar mo leanbh bocht?"
"Tá sé annsin", ars' an fear, "agus leoga leis an fhírinne a innse duit, tá dóigh beag anásta go leor ná ní'l snáithe éadaigh aige le cur air".
Nuair a chualaidh an bean seo, chuaidh sí suas 'un t-seomra agus thug sí anuas an chulaidh a b'fhearr a bhí ag Seagan, a chulaidh Domhnaigh, agus thug sí do'n fear choimhthigheach í. D'imthigh an fear leis annsin agus é ag gáiridhe, agus ba' bheag an dochar do sin, ná fuair sé culaidh úr éadaigh i n-aiscidh.
Eadar sin agus tráthnóna tháinic Seaghan isteach fá choinne bolgam tae agus d'innis a mháthair do fá'n fhear a tháinic isteach chuici agus an droch dhóigh a bhí ar Phádraic anns na flaithis. Nuair a chualaidh Seaghan an scéal bhí sé mío-shásta le n-a mháthair.
"Nach bhfuil fios agat, gur sin fear a bhí ag magadh ort?" arsa Seaghan, go feargach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Iseabal Níc Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Somhairle Mac Giolla Chluig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall