Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 26
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dá gcaillfinn-sa leath-choráin, agus mé ghabhail a cuartughadh, caidé dhéanfainn nuair a gheobhainn í. (stadfainn a cuartughadh)
Chuaidh sí thart ar an teach agus an dreibhlín ina diaidh. (cearc agus na h-éanacha)
Caidé é a bhfuil trí cosa air. (pota)
Caidé é a bhfuil ceithre cosa air agus é lán cluimhrigh. (leabaidh chluimhrigh)
Tá madadh rua agus gé agus pionainn chochain ar thaobh de'n loch agus caithidh an fear ceann amháin aca a thabhairt trasna san bhád gach iarraidh. Ní thig leis an ghé a leigint chóir an phionainn, nó an madadh rua a leigint chóir an ghé. Caidé mar thabharfadh sé trasna sabhailte iad.
Fr: Bhéarfaidh tú trasna an gé ar dtús, tiocfaidh tú anall aríst agus bhéarfaidh tú trasna an madadh ruadh agus bhéarfaidh tú anall an gé. Beidh pionainn chochain trasna leis agus fágaidh sé thall í. Tiocfaidh tú anall annsin fá choinne an ghé. - Bhí gasúr agus a mháthair ann aon uair amháin, agus bhí siad iongantach bocht. Lá amháin dubhairt an gasúr leis an mháthair "Déan lón damhsa nó tá mé ag imtheacht a chuartughadh oibre" Rinne a mháthair amhlaidh, agus d'imthigh an gasúr leis an bealach mór. Ní raibh an gasúr i bhfad ar siubhal nuair a casadh cat air. "An leigfidh tú mise leat" arsa an cat, "leigidh" arsa'n gasúr agus d'imthigh siad leo nó san deireadh gur casadh madadh ortha. "An leigfidh tú mise leat" arsa'n madadh. "leigfidh" arsa an gasúr, agus d'imthigh siad leo gur casadh gabhar ortha. "An leigfidh tú mise leat" arsa an gabhar. "leigfidh" arsa an gasúr, agus d'imthigh siad leo gur casadh ballóg ortha. "An leigfidh tú mise leat" arsa an bhallóg. "leigfidh" arsa an gasúr, agus d'imthigh siad leo ar casadh coileach ortha. "An leigfidh tú mise leat" arsa an coileach, "leigfidh" arsa an gasúr, agus d'imthigh siad leo gur casadh ganndal ortha. "An leigfidh tú mise leat" arsa an gandal "Leigidh" arsa an cat, agus d'imthigh siad leo go raibh sé mall go maith trathnóna. (?) a ghabhail a sholas dó chonnaic siad solus beag suas ag bun cnuic. Smaointigh siad go rachadh siad suas go bh'feicfeadh siad caidé a bhí nann, agus chuaidh. Nuair a chuaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Conall 'Ac Domhnaill
- Inscne
- Fireann