Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 168
- XML “Dán an Toir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear Beo: "A ghiolla ábaigh faoi'n t-siabadh imbeál an toir; ceist agam ort, in ainm Íosa; an fear saoghalta thú no geilt?
An t-Anam: "Chan duine saoghalta mé nó geilt, acht anam bocht atá i bpéin"
Fear Beo: "Ceist agam ort in ainm osa, acht gan mé dochas a dheanamh duit; cé fhad ó d'fhág tú ann saoghal seo nó annsin atá tú ó shoin?
An t-Anam: "Fiche bliadhain go Domhnach is chuaidh thart, a sgar mé leis an cholainn chlaoin; tá mé mar tchídh tú mé ó shoin, m'aghaidh ar ghaoith is an fhearthainn. Nuair abhí mé ar shaoghal na mbréag, bhí mé go h-aoibhinn aerach ann, marcuigheacht ar m'óigbheathach a' léimnigh, féile is féasta ar gach taobh damh. Nuair a rachfainn un' Aifrinn Dia Domhnaigh ní trócaire a d'iarrfainn do m'anam, ag magadh ar aoinneach a bhfeicfinn agus Corp Chríosta ós mo choinne.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall