Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag léimnidh suas ar a ghualaineacha agus sa deireadh d’amharc sé thart agus tiompadh isteach na chloc gorm é. Nuair a d’amharc sise ar an bhí sí dearg agus bhí fhíos aicí go rabh sé marbh.
Dubhairt sise go rachadh sí féin rinne sí réidh lón agus fuair sí claidheamh. Druid sí suas an teach agus d’imthigh sí agus tháinig sí fhad le teach a rabh seanduine na chomhnuidhe ann. Bhí sí ar loistín ins an teach sin go maidín, agus d’innis sí dó’n t-seandhuine go rabh sí ag dul go dtí an domhan thoir.
Dubhairt an seandhuine go dteachaidh beirt (b) dearbhrathacha dithe an bealach sin agus nar phill siad ariamh. Dubhairt sise gur chuma leithe go gcaithfiadh sí na trí nigh a fhagháil. Thug an seandhuine buideál dithe, agus d’iarr sé uirtí leanstan do, go siubhalfadh sé féin. D’imthigh sí agus lean sí an buideál agus tháinig sí fhad le cnoc. D’imthigh an buideál as amharc.
Chuaidh sí suas giota taobh an chnuic. Bhí an cnuc lán clocha gorm agus shíl sí go rabh siad ag léimnidh suas ar a gualaineacha agus bhí sí ag bualadh an chlaidheamh ar gach taobh dithe go rabh sí shuas ag bárr an chnuic.
Chuaidh sí go dtí na trí nigh agus thug leithe iad. D’iarr an t-éan uirtí bheith ag caitheamh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Bun na Leaca, Co. Dhún na nGall