Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí na h-AimsireMá bhíonn fáinne thart as an ghealach sin comhartha doinnine. Má bhíonn gealach bháidhte deirtear gur sin comhartha doinnine fosta.
Nuair a bhíos stoirm a'teacht tarraingheann na faoileógaí ar na cnuic agus na sléibhte.
má thig na caoraigh atá thuas ar na cnuic anuas go dtí na lagracha agus na gleannta tá doineann ag teacht.
Áthruigheann an aimsear má bhíonn torman toll ag Carn na Máilleach.
Tiocfaidh droch aimsear nuair a bíos bladhaire gorm ar an teinidh.
Deirtear má bhíonn na cearca ghá gcluimhreadh fhéin go bhfuil an fhearthainn ag teacht.
má bhíonn na géacha fiadhaine ag eiteall go h-íseal sin comhartha boglaigh.
Nuair a tcídhthear an cat ag nighe a aghaidh sin comhartha fearthainne. Má chuireann sé a chrúb thart a chluais béidh an tuile ag dul thara na bruaigh.
Deirtear má bhíonn bladhaire gorm ar an teinidh gur sin comhartha boglaigh.
Má thuiteann cnap súithche anuas an t-seimleóir sin comhartha fearthainne.(leanann ar an chéad leathanach eile)