Scoil: Cnoc na Naomh

Suíomh:
Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 27

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 27

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Naomh
  2. XML Leathanach 27
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal (ar lean)

    Bhí lánamhain ann in am amháin rí as an domhan toir agus banrioghain as an domhan thiar. Bhí triúr ingheanach aca.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    dithe é. D'imthigh siad ar maidín agus beirt fhear agus tarbh leo.
    I gcionn bliadhna fuair siad cuireadh eile chuig féasta. Tugadh an tarbhán donn isteach chuig an fheasta an iarraidh seo. I lár an fhéasta bhuail an tarbhán donn buile dé na ruball ar na rudaí a bhí ar an tábla agus leag sé gach seórt. Cuireadh amach ar an doras é. Nuair dó bhí sé ag dul amach dubhairt sé le na mhnaoi "Má chaoineann tuse ar mó shon-sa imtheochaidh mé agus ní fheiceann tusa níos mó mé." Ar maidin d'imthigh sisa amach agus í ag caoineadh mar nach rabh an tarbh le fághail aicí. D'imthigh sise a chuartughadh an tairbh. Nuair a bhí an oidhche ag teacht casadh éan uirthí agus d'iarr sé uirthí philleadh . "Béidh mé ar shiubhal go gcaithfidh mé an dá chois go dtí an dá ghlún na go bhfuighfidh mé an tarbhán donn" arsa sise. Chuaidh sí go dtí teach a bhí fá ghiota díthe agus fuair sí loistín ann. Nuair a bhí sí ag imtheacht thug bean an toighe "crann tochartaí" díthe agus dubhairt sí "Má tchídh tú a dhath clibíneach cuir suas ar sin é agus tiocfaidh sí anuas deás mín. An dara oidhche casadh an t-éan uirthi. agus d'iarr sé uirthí pilleadh ach ní ghlachadh sí comhairle. Chuaidh sí go dtí teach agus fuair sí loistín . Ag imtheacht díthe ar maidín casadh an t-éan uirthí agus chaith sé tunóg fola amach agus d'iarr sé uirthí an fhuil a chuir i mbuideal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aodh Mac Gabhna
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Bríghid Bean Mhic Eachmharcaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall