Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 588
- XML “Inbhear”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh an buachaill ag íarraidh aimsire annsin agus ní tubhraidh aon duine aimsire dhó mar bhí sé ró-bhocht. Bhí crann mór ag fás taobh amuigh den tighe agus oidche amháin núair a bhí an bhean agus a mac in-a chodhladh, tháinig torann ar an ndoras. Tháinig fear isteach agus dubhairt sé leis an mban dhul amach go dtí an crann ar maidin agus go bhfuigheadh sí airgead ann. Chuaidh sí amach agus fúair sí go leór airgid ann. Deirtear gurab é a fear féin a bhí ann. Bhí airgead acú agus gach rud lé n-ithe acú annsin agus bhí éadaigh agus bróige acú ar feadh tamaill mhaith.
Lá amháin, tháinig fear isteach agus ní raibh aithne ag aon duine air. D'iarr sé ar an mnaoí an raibh airgid aice agus dubhairt sí nach raibh pinghin aicí. Bhí bosca ar an bhfuinneóig agus dubhairt sé léithí má bhí airgead aicí a fhágáil ins an mbosca ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Cuideagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo