Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (uimhir rolla 10842)
- Suíomh:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Róisín, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Na caith amach an t-uisge salach go mbeídh an t-uisge glan istoigh
Scuabann an scuab úr go glan.
Is feárr go mall no go bráthach
Is minic a bhris béal duine a srón
Snaíthe fada an tailúr fallsa.
Ceannuigh sean rud agus bí gan aon rud.
Is maith an sean rud go bhfuighid tú rud úr.
Is fada an ród nach bhfuil corradh ann.
Ní buan cogadh na gcarad,
Is trom cearc i bhfad.
Níor dhruid Dia doras ariamh nar fhosgal sé ceann eile.
Is deise cuideamh Dé nó a doras
An té a bhuailtear sa chionn bíonn eagla air
Caithfidh an bás a chuid fhéin a fhághail.
Cam díreach an ród sé an bealach mór an aithghiorra
Ballaí fuara a gnídheas bean toighe shuaic
Na cuir ualach trom ar asal lag.
Sé Dia an fear is feárr.- Bailitheoir
- Cáit Ní Chumhaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Droim na Tine, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chumhaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 35
- Seoladh
- Droim na Tine, Co. Dhún na nGall