Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (uimhir rolla 10842)
- Suíomh:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Róisín, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Labhair sé go mall mar bheádh duine faoi néal,
" Bíodh deánta mar deir tú a's bheirim duit í,
Acht is cinnte gur chuir tú mo rún ar neamhnidh".Ar lucht na tíre bhí ióngnadh fá mar chrióchnuigh an lá,
Níor bh'é sin do Fiónán, bhí air aoibhneas a's stá'
Acht bhí Colm faoi bhuaidhirt, bhí sé cráidhte gan gó;
'S ní thainic sé ar cuairt 'un na háite niós mó.
Ní dheárn Fiónán faillighe 's niór ghlac sé aon sos
Go bhfuair daoine bailighthe 'chuir 'n-a seasamh an Chros,
Go daingean 's go laídir do chuir siad suas í
A's badh í an ball áluinn, ar an áit ag cur gnaoi.Ní rabh a leítheid eile 'san Tuaisceart le fághail
Badh í Cros-Mhór Colmchille a b'uaisle i gcáil;
Míle bliadhain sona séanmhar d'eáluigh thart lá ar lá
'S do'n Chrois, ar feadh an teárma, tugadh onóir a's grádh
Go dtainic lucht scriosta 'loisc mainistir 's ceall
'S d'fhág an Chros leagtha briste tré mhailís na nGall;
I sean-roilic Ráithche is fada í'na luighe
'S annsin beídh sí fágtha, is doíche, a choidhe'.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Cumhaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Droim na Tine, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- R. Ní Dochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall