Scoil: Más an Easa (C.) (uimhir rolla 14776)
- Suíomh:
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Cholchuin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Más an Easa (C.)
- XML Leathanach 249
- XML “Seanreiligí”
- XML “Féastaí - Domhnach Cásca”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus rinne. Tháinig sé 'na bhaile, agus an chnámh leis, agus thaisbean sé do na gasúirí í. Bhí achan rud go ceart go dtí go dtáinig an oidhche, agus chuaidh an gasúr in a luighe.
Nuair a bhí sé in a chodladh, mhusgail sé go tapaidh, mar mhothuigh sé rud a bhualadh, agus a bhualadh. Tháinig eagla air, agus shuidh sé suas ar an leabaidh. Chonnaic sé an chnámh ag léimnigh suas agus síos an leabaidh, agus a bhualadh. Thuit sé i laige, acht goidé chualaidh sé acht na gasúirí ag gairdhe. Is iad san a rinne an rud. Cheangail siad an chnámh ar chórda, agus tharraing siad an córda, agus léim an chnámh suas agus síós an leabaidh 'san dóigh seo. - Cleachtuigheann na daoiní cuid mhór seannósanna i rith na bliana go h-aithrighthe ag an Cháisg. Nuair a éirgheann siad ar maidin, éigheann siad go luath leis an ghrian a fheiceáil ag damhsa siocair go ndamhsann sé an lá sin go luath mar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Cheállaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall