Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rinne an rogaire (no cibhe rud a bhí ann) iarraidh a theacht liom, acht shín me amach mo Choroin Mhúire chuige agus stad se ar an bhomaite. Shiubhal mé liom, lag go leor agus mé ag uirrinigh. Rith an ama ag tarraingt na bhaile, agus bhí mé ag faghail bhais leis an thart. Nuair a bhí mé míle, no mar sin, o Carraig an Chróchadair thainich mé comh fada le poll uisge. Chuaidh me síos ar mo ghluana le deoch a fhaghail acht comh tuith a's chuir mé mo bhéal ins an uisge, thuit rud inteacht cosamhail le bharraille isteác ins an pholl agus h-obair gur baitheadh me.D'eirigh me agus d'imthigh mé na bhaile agus nuair a tháinig me isteach chuir Cáit ceist orm carb ar a dtainic na madaidh uilig a bhí fa'n teach fhad a's bhí mise ar shiubhail. Dubhairt sí nac rabh a dhath a bheith le cloinsteal acht madaidh ag rith agus taomhaint thart fa'n teach fadh agus bhí me amuigh. Bhí se bórdaig ar a h-aon a clog nuair a fuair mé na bhaile agus sul a rabh se geal i gceart ar maidin amach liom arais ag cuartughadh an bhó. Chuaidh mé suas go mhullach an chnuic bhig atá i gcúl an toighe agus caidé chonnaic mé acht mo bhó féin na luighe i bpairc bheag Shéamuis Phádruigh i gcuideachta le cupla ceann Shéamuis, agus fuair mé amach nac rabh an t-eallach shíos i Marbathach an lá roimhe ar chor ar bith. Sé taidhbhse Carraig an Crocadair a tháinic orm. (Carraig an Crocadoir = carraig mór ard ar iarthair Corain Binne comhgarach leis an fairrge. Deirtear gurb e seo an áit a chroch Maolmuire an Bhata Bhuidhe na daoine nac rabh se mór leis. Bhí giota iarrain i bhfastac ins an Charraig agus seo an áit a chroch se. Connaic me féin é)
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Feargal Mag Fhionnghaile
- Inscne
- Fireann