Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Tomás Mac Fhionghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 186
- XML “Díol agus Ceannacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le h-ithe leis an dinnéar nuair a rachfadh siad na bhaile. Tá níos mó airgid ag na daoine anois na bhí céad bliadhain ó shóin.
Tá obair acu le fághail anois fríd an tír, acht i bfhad ó shóin ní rabh de ghléas beo ag na daoine acht ag iasgaireacht. Ní rabh na siopaí ag díol tae agus ní bhéadh tae ar bith ag na daoine.Ní bhéadh acu acht preataí agus btochan agus éisg. Bhéarfadh siad an t-éisg cun a' mhargaidh agus dhíolfadh siad é agus cheannochadh siad mín ar an airgead le brochan a dhéanamh.
Thiocfadh daoine thart ag díol éadach, acht ní bhéadh morán rudaí leobhtha. Dhéanfadh siad mallacht leis na daoine, bhearfadh siad éadach dobhtha ar éisg agus gheobhadh siad fhéin luach maith ar na h-éisg ar an mhargadh. Rachadh siad thart ó theach go teach ag díol éadach agus nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Ó Buadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tArd Bán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Phaidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- An tArd Bán, Co. Dhún na nGall