Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 255

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 255

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 255
  3. XML “Maol Muire agus an Gobán Saor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Maol Muire agus an Goban Saor.
    Nuair a bhí Maol Muire ag tógail a chaislean bhí saor cloch aige dar bh’ainm Goban Saor. Bhí sé ag faghail ar aghaidh go maith leis an obair. Oidhche amhain nuair a bhí an caislean comhair a bheith togtha chualaidh an Goban Saor Maelmordha ag radh go rabh sé ag gabhail a chur spéice ar a bharr le é a chrothadh. Ar maidin lá ar na bharach chuaidh an Goban Saor na bhaile chuig a bhean agus d’innis sé dí caide a chualaidh sé. Dubhairt sé go gcuirfeadh seisean teachtaire chuicí nuair a thaiseochadh sé ar an spéice agus go n-iarrfadh sé air a leithead seo do iarraidh. Annsin chuaidh sé arais chuig a chuid oibre.
    Nuair a bhí sé ag deanadh an spéice d’innis sé nach dtiocfadh leis faghail ar aghaidh leis an obair muna bfhuigheadh sé rud a bhí ins an bhaile ins an chiste mhór ag na mhnaoí. Dubhairt Maelmordha go gcuirfeadh sé teachtaire fa choinne sin ait dubhairt an Goban Saor go gcaithfeadh sé a mhac a chur.
    Nuair a bhí an mac reidhe le h-imtheacht d’fhiafruigh sé de’n Ghoban t-Saor caide a bhí a dhioghail air. Dubhairt an Goban Saor leis a radh le na bhean go rabh seisean ag iarraidh charr i naghaidh cuim agus cuim in agaidh an charr. Dimthigh mac Mhaelmordha annsin agus d’innis sé don bhean caide a bhí sé a iarraidh. Dubhairt sise go rabh sé shios ar thoin an chiste mhóir agus thug sí cathaoir do le sineadh síos fhad leis. Nuair a fuair sí é cromtha sios chuir sí a da laimh leis agus caith sí isteach san chiste é.
    Dubhairt sí go mbeadh sé annsin go bfhuigheadh sí a fear arais, agus dhruid sí an ciste. Nuair a chualaidh Maelmordha fa na mhac bhí buaidhreadh mór air, agus chuaidh sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conchubhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnoc na Muirleog, Co. Dhún na nGall