Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- An Tearmann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 345](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1081%2FCBES_1081_345.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 345
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rinne sé cuid mhór miorbhaltaigh roimhe sin. Bhí fear ag fághail bháis ar a' Ceathramhadh-Trasna agus thainig sé chuige gan cuireadh gan teachtaire. Casadh an t-an Spiorad dho agus dubhairt leis go rabh sé mall. "A Dhiabhaill Shalaigh," ar sé, "Tá mé ro-luath agat-sa go foill."Nuair a chuaidh sé 'un tosaigh bhí an fear beo acht chá rabh meabhar, no móthadh, no caiinnt aige. Thoisigh se léightheóireacht os a chionn go rabh an t-állus ag tuitim 'na dheora mora troma ar an talamh, agus léigh sé leis go rabh an fear bocht marbh, socair.Annsin thug sé míle altughadh agus buidheachas do Dhia gur bhain sé an t-anam sin as crubh na nDiabhall.Chuir sé céist ar mhuinntear an toighe an bhfaca siad comhartha ar bith san teach le cupla lá. Dubhairt bunadh an toighe leis go rabh sin ann, na preacháin dubha ag luighe ar an teach agus nach dtiocfadh leó-san iad a chongbhailt ar shiubhail. Dubhairt sé leó na dtabhairfeadh siad níos mó buaidhreadh dobtha; gur chuir seisean ar siubhal an iarraidh seo iad.
É fein 'sa DhearbhrathairAn lá a phill sé 'na bhaile casadh a dhearbhrathair do i Leitirceanainn. Thainig sé 'na bhaile 'un a Dúin. Rinne a dhearbhrathair muill. Bhí sé domhain san oidhche nuair a phill sé. Chuir sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Ó Duibhne
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Mhuireadhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Curraoin, Co. Dhún na nGall