Scoil: Cruach Ros (uimhir rolla 15532)
- Suíomh:
- Creamhros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Colm Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach Ros
- XML Leathanach 017
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go rabh an aít seo fa choinne paistí a fuair bás gan baisteadh.
4) ÁRD GLAS - 104 ACRAÍCnag Íseal
Talamh Árd
Mullach an Túir
Cúl an Tuír
Árd an Turais
Log ná Madadh
Coille MealaCNAG na FEANNOIGE
Fuair an cnoc seo a ainm ó feánnog a gnideadh a nead annseo.
5) GORT NÁ CORR - 129 ACRAÍCialluigheann ainm an bhaile seo nó miodúin an ocrais. Tá áit ann in a ndearfadh ná sagarit Aifreann in aimsear ná nDlighthe Peannaideacha.Tá sceul fá "Cloch Mhór" atá ann. Tá poll inntí agus uair amháin nuair a bhí troid ag ná Danair in aice ná cloiche seo, chuaidh fear suas sa pholl, acht fuair ná Danair greim air, tharraing anuas é agus cur é 'un baís.
6) CEATHRAMHADH BLAITH - 218 ACRAÍTá Ceathramhadh Blaith Uachtarach agus Íoctarach ann. Cnag ná Smeura
Fál Bán
Fál Dubh
Uaimh Chuilm Cille
Cró ná gCaorach
Mullach ná mBláthUAIMH CHUILM CILLE
Tá uaimh annseo agus deirtear go mbíodh Colm Cille in chomhnuidhe ann. Fuarthas giota coinnle agus bonnaí (medals) ann uair amháín.LAG NÁ MUICE DUIBHELag é seo idir dhá chnoc. Deirtear go mbíodh muc dhubh le feiceal annseo uair amháin.(leanann ar an chéad leathanach eile)