Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 507
- XML “Oícheanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fágann siad an doras fosgailte le caoi a thabhairt do na mairbh a theacht isteach agus iad féin a téigheamh.
Aoine an ChéastaAr Aoine an Chéasta, cuireann na daoine na préataí lucht. Ar Aoine an Chéasta téígeann na daine chuig tobar beannuighthe, téígheann muinntir Fánaidhé siar go dtí tobar Dumhach Mhóir (Tobar Naomh Bhudog) agus ólann siad cupla deoch amach as an tobar, agus beireann siad cupla buideal as an tobar leo. Téigheann na daoine siar 'un tobair ar maidín agus ba gnathach leo troscadh a dheanamh go dtí an dó dhéag an lá sin, nó go ndeanaidh na leinbh trí scréad leis an tocras. Níor chóir daobhtha a cuid gruaige a cíoradh ach oiread.
Domhnach CáscaAr maidín Domhnach Cásca, éirigheann cuid de na daoine go han luath agus beireann siad lán seála tin d'uisce, nó lán beasún go bfeicfidh siad an ghriain ag damhsa ann. Bíonn an grian ag damhsa le luthghair an mhaidín sin, de bhrigh gur ar an mhaidín sin a d'éirigh Íosa Críosta ó mharbhaibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Nig Reannacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Mhic Reannacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall