Scoil: Caiseal (2)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1092, Leathanach 152

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1092, Leathanach 152

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 152
  3. XML “Mar a Tháinig na Sióga go Cnoc Bhaile Thaobh Rúsgaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ann ach an trúir aca fhéin. Nuair a mharbhuigh siad an pobal iomlán agus a sagart d’imthigh siad síos bealach an chladaigh go bhfeicfeadh siad an raibh duine ar bith i bhfolach ann. Nuair a chuaidh siad síos chonnaic siad fear amuigh ar leic agus greim aige ar dohs feamuinne a chongbha suas as an uisge. Chuaidh fear aca síos agus amach ar an leic leis gur bhain sé an cionn de le na chlaidheamh. Shiubhail siad leo go ndeachaidh siad síos go port eile arbh ainm Slád na bhfaochóg. Dubhairt duine aca leis an duine eile go bhfacaidh sé fear a’ dul isteach sa sgailt a bhí ar an taobh eile dén trá. Tharraing siad anonn ar an sgailt agus fuair siad an fear ann. Chuir siad rópa ar an mhuineál, chuaidh beirt aca suas agus tharraing siad suas é agus chroch siad ar ghunna é. Chuir fear aca a chlaidheamh fríd a chorp go bhfuil achu fola le feiceál ag duine ar bith a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brian Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tulaigh na Dála, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Domhnaill Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    16
    Seoladh
    An Seanbhaile, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Siadhail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    77
    Seoladh
    Baile Uí Fhuaruisce, Co. Dhún na nGall