Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 23
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seo an rann a bíos aicí;Fuinneódar, Fuinneódar, Súineór, Shipadóir, Tailliúr, Eadóir, Feirmeóir, Muinteóir, Seóltóir, Saighdiúir, Sagart agus Dochtúir amach a théigheann sé.An duine a thuiteas an focal 'sé' air chaithfidh sise rith indiaidh an duine a dubhairt an rann; agus nuair a gheibhtear greim uirthí caithfidh an duine sin é a dheanamh annsin agus mar sin de.Téigheann muid thart i bhfuirm fainní agus téigheann duine indiaidh an duine eile go dtí go mbéidh gach duine amuigh as an chiorcal.Cuireann duine éadach ar a shúile sa dóigh nach bhfeiceann sé aon nídh. Annsin téigheann sí thart go mbeireann sé ar dhuine, agus an cheud duine a fáightear greim air caithfidh sise an t-éádach a chur ar a súile.Bíonn na cailiní ag sgippeál sa t-Samhradh, agus bíonn siad ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáirlín Ní Shiadhail
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Rapa, Co. Dhún na nGall