Scoil: Leitir Sean-Bhoth (uimhir rolla 12900)

Suíomh:
Leitir Seanbhó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
S. Ó Ferraigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 069

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 069

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Sean-Bhoth
  2. XML Leathanach 069
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Riaghal-Ród' adeir sé an focal ceart ar bhóthar iarainn.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Deir sé nach focal beárla ar chor ar bíth é ach gur óin ngaedhilg a tháínig sé. Tá BÉAL mór air agus as a d'ólad daoine roimhe seo. Ó'n (?) bhéal sin a tháínig an focal BOWL.

    "Sguain" an focal ceart ar "train" agus ní "traen" adeir sé.

    Mínigheann sé an t-ainm aíte úd "Lios-na-gCailleach" thíos i gCo. Dhoire. "Cailleach" an t-ainm a ghoirtí do "bhean-riaghalta" (nun) Fad ó shoin siocar go bhfuil cosamhlacht idir cailleach agus bean-riaghalta sa mhéid ná mbíonn siol no geineamhaint nó teaghlach ar bith ag bean-Riaghalta. Agus cé dier go mbéádh a léitheid ag sean-chaileach chríon a mbéadh cos amuigh agus istuigh sa luaidh aicí! Adeir sé nach ainm tarcuisne "Sean-Chailleach" thabhair ar bhean Riaghalta ach oiread agus sin a ainm-san ortha go fóill.

    Lios = "toighthe fighthe igcionn nó i gcuideachta a chéile ag Comhlucht (Community) nó treabh le iad féin a dheanamh nios
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Ó Fearraigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Paidí na Gaedhilge
    Inscne
    Fireann