School: Boltifree (roll number 9764)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ach fuair na Sasanaigh greim ortha ar an taobh thíos de Chnoc Ált-na-Péisde (te). Mharbhuigh siad na Gaedhil uilig. Bhí na cnámha annsin go dtáinic dream eile ‘na dhiaidh sin agus gur chruinnigh siad na cnámha uilig agus gur chuir i ngáraidhe iad. Baisteadh gáraidhe na gcorp air an gháraidhe sin ó shoin agus Mín na gcnámh air an bhaile sin.
An Ghall bhuailidh. D’éirigh na h-Albanaigh amach am amháin, le smacht do chuir ar na Gaedhil. Theich sgaifte mór de na gaedhil isteach go teach ar an Ghall-Bhuailidh. Bhí siad ag cóimhead i rith na h-oidhche go dtéarn an coileach trí sgáirt ar maidin. Shíl siad go rabh an urcóid thart agus shuid siad síos gan aon choiméad. Níor mhotuigh siad go rabh na Gaill ag na dtaoibh. Bhí bean amháin astoigh agus mac agus inghean léithí agus d’iarr sí cead ortha imtheacht gur aníós an tír. Í fuair sí an cead, le cois a mac agus a inghean a thabhairt léithe. Sgáirt sí ortha. Tháinic an inghean ach níor tháinic an mac. Marbhughadh an méid a bhí astoigh uilig ach (an) mac na mna. Theich seisean agus níor éirigh leo greim a fhághail air. [Rinneadh dún-mharbhughadh eile(continues on next page)- Collector
- Áine Nic na Mídhe
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Peadar Mac a Bháird
- Gender
- Male
- Age
- 36
- Address
- Srath na Bratóige, Co. Dhún na nGall