Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 086

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 086

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 086
  3. XML “Máistir Scoile agus an Molt Dubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann am amháin darbh ainm Brian Ac Siofridhe agus a bhean. Bhí maighistir sgoile ins an áit agus tigeadh sé a amharc ar bhean Bhrian nuair a bhíodh Brian ar siubhal. Dimtig Brian an oidhche seo agus dubhairt sé le na mnaoí nach mbeadh arais an oidhche sin. Thainig maighistir na sgoile annsin agus buideal uisge beatha leis. D'ol siad cuid de'n uisge beatha. Annsin dubairt sise "Ó' is truagh nach bhfuil an molt dubh istigh againn.
    Annsin tugadh isteach an molt agus marbhugadh é. Bruitheadh é annsin fuair a bhean cailin leis an molt a dheanamh réidh. Annsin dith siad a sáith tamall na dhiaidh sin thainic torman un dorais cé bhí ann acht Brian. Chuir an bhean an maighistir isteach i mbaraille agus an molt dubh isteach sa pota agus an tuisge beatha faoí sgala. Leigeadh isteach annsin é agus shuidh sé a chois na teineadh agus thuit sé na chodhladh. Leig aníos do do ceann ar mo gluin ar sise leis no tá cuma ort go bhfuil tú tuirseach agus codhluigh néal.
    Tamall na dhiaidh sin d'éirigh sé agus dubhairt sé go rabh brionglóid. Caidé thainig ort ar sise, tá maise ar seisean rinne me brionglóid gur marbhughadh an molt dubh agus go bhfuil sé i bpota faoi'n dreisiur. Luighe síos agus codhluigh neal (?) níl dadaidh de sin ar sise. Bhí brionglóid eile aige na dhiaidh sin Dubhairt sé go rabh an maighistir faoí an bharaille agus an uisge beatha faoí sgala. D'éirigh sé agus fuair sé an maighistir faoi an bharaille agus an t-uisge beatha faoi an sgala agus an molt sa phota.
    Fuair sé cnámh sa pota agus teacht sé an maighistir. Caidé dheánfidh sinn anois ar sise. Tá maise ar seisean gabh tusa a luighe agus leig ort fein go bhfuil tú an-tinn agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Coimín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seamas Mhac an Ultaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Coimín, Co. Dhún na nGall