Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 465
- XML “Seanscéal”
- XML “Ainmneacha agus Leasainmneacha i dTír Chonaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí fear ann am amháin dar b'ainm Mícheál Sheamuis Éamoinn. Oidhche amháin bhí brionglóid aige go rachadh sé go Sasann, agus go bhfuigheadh sé cisde ór ar Dhroichead Lonndun.”
(ar lean ón leathanach roimhe)a rinne sé a dul fhad leis an lios thosuigh se ag romhar ag bun crann an tromainn. Ní rabh sé i bhfad ag romhar go dtáinig sé ar an cisde agus é lán de ór. Bhí clár ar an cisde, agus bhí rud ann teacht sgríobhtha ar ach ní thiocfadh leis an fear é a léigheadh. Cúpla lá na dhiaidh seo bhí an sagart i dtoigh Mhícheáil. Bhí an clár ar an tábla. Thug an sagart fa dear an sgríobh a bhí ar an clár, agus léigh sé é. Sé an ciall a bhí leis. an oiread céadna ar an taobh eile. Nuair a chualaidh Mícheál seo dimthigh sé leis go dtí an crann tromainn agus romhar sé ar an taobh eile den crann agus fuair sé cisde eile lán de ór. Bhí sé breágh saidhbhiúr anois. Ach baisteadh Mícheal na brionglóide ar ó sin amach.- Ainmneacha agus leas-ainmneacha I dTír Chonaill.Bhíodh an lúb ann agus an Galaidhe an Maluightheoir an Síomaire, An Cuilceach, An Gasúr mór, An Socadán, An Geocaidhe. Bhí fear amháin a dtugthaí Sceileamán air, agus an am ’98 mar deir na sean-daoine. Bhí fear ar an bhaile in ar tógadh mise a dtugthaí an t-“Aidhbheirseoir air. Bhí an leas-ainm air fhad is go dteárnadh dearmad den ainm cheart.