Scoil: Ráth Séideóg (uimhir rolla 8786)
- Suíomh:
- Ráth Seideoige, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Dhomhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráth Séideóg
- XML Leathanach 30
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- In am na péin dlighthe nuair a bhí na saighdiúirí ar thóir na sagart in Éirinn, bhí sagart shios i mBun Crana. Bhí sí i bfolach i bpluais ag cladach na fairrge fa thuairm dhá mhíle amach on t-Sraid-Bhaile.Bhí luach ar ceann an t-sagairt agus bhí dúil mór ag na saigdiúirí é d'fhághail. Cuireadh amach fógra ón riaghaltas go dtabharfaí luach mór ar ceann an t-sagairt seo Bhí a dheirbhsúir na comhnuide i n-aice na h-áite sin agus bheireadh sí basghaib bidh do gach lá. Bhí fhios ag a fear go rabh an sagart in áit eigin agus chun an airgead d'fhághail d'innis sé an sgeal do's na saighdiúirí.Chuaidh na saigdiúirí go dtí an fhairrge ach nuair a chonnaic an sagart iad, isteach sa bhfairrge leis, ag snamh comh tapaidh agus thiocfadh leis. Ghlaodh na saighdiúirí air teacht arais agus gheall siad dó nach mbainfeadh siad leis. Chreid an duine bocht an sceal agus thainig sé arais, ach mo léan, nuair a thanig sé i dtír, rug siad air agus bhain siad a cheann de agus tá chuid fóla le feiceal ar an charraig go dtí an lá indiú agus tuagadh Carraig an t-Athar Eagartaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)