Scoil: Sliabh Mór (uimhir rolla 2307)

Suíomh:
An Sliabh Mór, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Ó Flannabhra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 371

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 371

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Mór
  2. XML Leathanach 371
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear ann uair amháin agus bhí feilm mhór talmhan aige, agus rinne sé teach don fear a chuir sé isteach...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Níor fhág an duine uasal an stábla nó gur cheannaigh sé an capall beag.
    Dubhairt an fear gur leis an capall, "Ní h-aon cabhair an capall a thabhairt leat muna bhfuigheann tú fear a ghlanais ó'n gcapall agus a ghlanas é féin suas."
    Thug an duine uasal an capall leis abhaile 'un a chúirt féin agus bhí an fear annsin ag an gcapall mbeag. Acht ní raibh aon airgid ag teacht uaidh. Chuir an duine uasal fios ar búistéar annsin. Mharbhaigh an búistéar an capall, feann sé é agus d'fhosgail sé é, acht ní raibh aon airgid taobh istigh.
    D'imthigh an duine uasal chuig an bhfear airís maidin lá thar na bhárach. Chonnaic bean an fhir ag teacht é, agus chuir sé é sin i n-iúil dá fear chéile.
    "Óra céard a dhéanfas mé? – marbhóchaidh sé mé" ar seisean.
    "Imthigh amach ar an bhfeilm, agus déarfaidh mise go bhfuil tú imthidhthe amach ag dearcadh ar na beithidhigh agus ar na caoirigh".
    "Cá bhfuil an fear?" arsa an duine uasal leis an mnaoi nuair a tháinig sé isteach.
    "Tá sé imthighthe amach ar fud an fheirm ag dearcadh ar na beithidhigh"
    "Gabh amach dá coinnigh" ar seisean
    "Má's maith leat é, cuirfidh mé amach an coinín seo" (a bhí téamáilte sa teach). Bhí iongnadh ar an duine uasal nuair a chualaidh sé é seo.
    Ní raibh sé abhfad gur tháinig an fear agus an coinín isteach ar an urlár. Thug an duine uasal lán mo chaipín
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    AT1542: The Clever Boy
    Teanga
    Gaeilge