Scoil: Maol Raithnighe

Suíomh:
An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSiúr Philomena
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 169

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 169

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol Raithnighe
  2. XML Leathanach 169
  3. XML “An Leasmháthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An leas-mathair
    Bhí fear ann uair amhain agus phós sé bean agus bhí clann aca-mac agus inghean. Chailleadh an bhean agus phós sé bean eile. Bhí an leas-mathair iongantach olc do na páisde.
    Bhíodh an t-atair amuigh ag obair gach lá, agus théigheadh an inghean go dtí uaigh a mathar gach lá - ag guidhe.
    Bhí cófra mor ublaí ag an leas-mhathair agus bhiodh an gasúr ag íarraidh ubhlaí uirrí gach lá.
    An lá seo ní raibh duine ar bith 'sa teach ach an leas-mathair agus an gasúr. Dubhairt sí leis an cromadh isteach 'san cófra agus ubhall a thogáil amach.
    Nuair a fuair sí a chloigeann istigh, bhain sí dhó é leis an gclár mór íarrain a bhí ar an mbosca. Thug sí leithí an corp, agus agus chuir sí é fa bhun chrainn.
    Ag teacht abhaile don athair, bhí sé ag íarraidh an mac thart i ngach áit é fein agus an inghean, ac, ní fhéadfaidís aon tuairisg d'fhágail ar an gasúr.
    Gach lá a mbiodh an t-athair ag dul ag obair, d'feiceadh sé an spideóg ar an gcrann ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge