Scoil: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba

Suíomh:
Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
M. A. Ó Mathghamhna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 010

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 010

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
  2. XML Leathanach 010
  3. XML “An Coinín Leataobh Óir is Airgid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt dhriotháir ann agus maidean breágh breathnigh duine acú amach as uachtar an tighe. Chonnaic sé girrfiadh leath-taobh ór agus leath taobh airgead.
    Dubhairt sé le n-a driotháir go raibh sé ag dul ag fiadhea[ch] "Cé bhéadh fhios agat go mbéidh tú beo"? ar seisean
    "Tá tobar annsin agus béidh bárr uisge air nuair a bhéas mé beó agus bárr fuil nuair a bhéas mé marbh."
    Glaodh sé ar a cú, a seabhach agus a acfhuil dubh. Sin iad an trí nidh le dul ag fiadheach a bhí aige. Bhí an girrfiadh roimhe amach agus ní fhéadfadh sé a bhreith air. Le tuitim an tráthnóna tháiniceadar go díoghthrach coill. Chonnaic sé bronntach teach 'sa g-coill agus sean-bhean 'sa teach. Thug an fear-fiadheach ordú do'n t-sean-bhean an girrfiadh 'chur amach;
    "Bheul" ars an t-sean-bhean "'S olc an slighe an girrfiadh bhéadh annseo, ceanngail an chú, an seabhach agus an achfuil dubh
    "Níl aon gleas ceangail agam", ar seisean.
    Thug an t-sean-bhean trí ribe agus ceanngail sé ann le chéile iad. Cheanngail sé an cú, an seabhach agus an acfhuil dubh.
    Thosaigh an fear-fiadach is an t-sean-bhean ag troid, agus d'éirigh an fear-fiadheach lag. Nuair a chonnaic sé go raibh an t-sean-bhean á chur i bhfolac (é) d'iarr sé congnamh ar a chú, a sheabhach agus a acfhuil dubh' "Cúnadh, Cúnadh a chú, ar seisean. "Fáisg, Fáisg, a ribe", ar sise. Thug sí leí a slat agus rinne sí trí cloch tonnta leis an t-slat draoidheachta.
    Annsin chonnaic an driotháir 'sa mbaile an bárr fuil ar an tobar. D'imigh sé leis, Thug sé leis an achfuil dubh agus fuair sé fiadhea[ch]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Paitsín Ó Cadhain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo