Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Prince MurcadhaI bhfád fadó nuair a bhí an t-sean-saoghal óg bhí mach an áird ríogh in Éirinn ag fiadhach ins an gcoill. Chonnaic sé ag teacht chuige fear iongantach. Chaith sé mantal gorm agus sgiorta beag dub garbh agus d'iomchur sé trí bhile d'iubhair treasna a chuid asgaillí. Le mar tharraing sé ar an bprionnsa chain sé ar an bprionnsa chain sé a ghlún chrom sé a ceann agus a cholainn agus d'umhluigh sé go lághach do'n phrionnsa. "Cé tú tusa?" ars an prionnsa no céard é do ghraithe liom-sa?". "Ogánach mé ar thuairisg mhaighistir," arsan buachaill. "Muire is maithe le chéile muid," arsan prionnsa mar teastuigheann searabhónta uaimh", ars an prionnsa. "Cé'n tuarastal a bheifeá ag iarraidh le ceann bliadna?" prionnsa. [!] An tuarastal a mbeinn féin sásta socrú air," ars an buachaill. "Bhoil, go deimhin agus cé'n mhaith mór atá tú a déanamh agus tú ag tóireacht an tuarastail a bheifeá féin sásta socrú(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighidh Ní Chuinn
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Chuinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo