Scoil: Eanach (An Mhainistir) (uimhir rolla 11675)
- Suíomh:
- An tEanach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Br. Mac Ualgairg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí droch saoghal ann ins na blianta 1846-1847. Bhí gantanas biadh sa tír san am sin, mar tháinig an dúbhachán ar na fataí agus lobh siad. Thuit sé go trom ar an gcheanntar seo. Deirtear go raibh na fataí chómh fairsing an blian roimh an Ghorta mór gur chaith na daoine iad leis an gclaidhe ná gur lobh siad ortha agus déirtear freisin gurbh é sin an fáth gur tháinig an ghorta.
Bhí i bhfad níos mó daoine san áit seo roimh an droch saoghal ná mar atá ann anois. Lobh na fataí ins na puill agus níor féidir leis na ndaoine iad a ithe, ná ní raibh aon fataí le chur le hághaidh an blíadhán a bhí ag teacht. Bhí droch boladh i ngach áit a bhí ag teacht ó na fataí a bhí lobhtha.
Fuair na daoine bás 'na mílte leis an ocras is leis an fiabhras. Ní raibh le nithe acú acht aráin, min coirce agus rudaí mar sin. Deirtear gur ith cuid aca féar.
Chábhruidh na daoine saidhbhre le muinntir an bhaile agus leis na daoine bochta. Thugadar airgead dóibh le biadh a cheannach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mheachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Bhóthair, Co. na Gaillimhe