School: An Clochar, Áth Cinn
- Location:
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
- Teacher: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Áth Cinn
- XML Page 0099
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí sean-bhean in a cómhnuidhe i mBóthar na mBacach fadó.”
Bhí sean-bhean in a chómhnuidhe i mbóthar na mbacach fadó. Bhí beirt mhac aici - Dómhnaill agus Diarmuid dob ainm dóibh. Fear réidh dob eadh Diarmuid agus ní rachadh sé in aon áit ag díol nó ag ceannacht rud ar bith. Fear an-fhiadhán dob eadh Dómhnaill agus gach pighinn a gheobhadh sé caithfeadh sé é go seafódach.
Mí na Samhna a bhí ann agus bhí an cíos le níoc aca agus maidin De Luain chuaidh siad amach ag bualadh an stáca cruithneachta le n-a dhíol i nGaillimh De Sathairn. Bhí sé réidhte aca De h-Aoine agus d'imthigh Dómhnaill go Gaillimh De Sathairn agus díol sé an cart cruithneachta. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile san oidhche chuaidh sé isteach i dteach aosta i bhí timcheall leath-bhealaigh.
Bhí beirt fhir ag imirt cárta ag an mbord agus thug siad cuireadh dó suidheamh(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Áille
- Gender
- Female
- Address
- An Lios, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Tomás Ó hÁille
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Lios, Co. na Gaillimhe