Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Loideáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- XML Leathanach 0340
- XML “Fear Láidir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uisge ins an bpota, agus glaice salann. Annsin théighfeadh sí amach 'sa ngarrda agus thugfadh sí isteach cúpla crann cabáiste. Ghlanfadh sí iad agus cuirfeadh sí sa bpota nuair a bhéadh an t-uisge a fiuchadh. Nuair a cheapfadh sí go mbéadh an cabáiste bruitte thógfadh sí anuas é agus cuirfeadh sí amach ar an míos é do Éoin. Sé an t-ainm a thiubhrfad siad ar an bídh sin ná Gáisín Sodair. Sin a gheobhfadh Éoin le n-ithe ag na fataí.
Nuair a bhéadh sé i Maighean leis an t-ualach ní bhéadh tuirseach ar bith air. Malaí móra fada a bhíodh acú an t-am sin. Rachadh seacht gcéad meadhchon i chuile mála. D'iompróchadh Éoin gach ceann acú isteach ar a dhruim agus chaith sé blianta dhá dhéanamh sin. B'in é an fear ba láidre a chuala mé go minic a bhí thart annseo le cúpla céad blian.
Bríghid Ní Conriogh as Athcloigín a fúar na sceala seo shuas.