Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)

Suíomh:
Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P.S. Ó Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0055

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0055

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0055
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pósaidhthe
    Is é an t-am de’n bhlian is mó a phósann daoine san áit acht an mí nó reatha roimh “Caraidheas”. Pósann siad mar gheall ná mbíonn aon “beannachtaí spéiséalta” ins an “Caraidheas” ins na séipéilíbh.
    Na laetheannta agus na míosa atá mí-rathmhar chun phósta ná:- Dé h-Aoine agus Dé Domhnaigh:- Bealtaine agus Nodlaig.
    Amach faoi’n dtuaith do bhí pisréoga go mór ann. Nuair ba mhaith le fear cáilín a phósadh théigheadh sé go dtí a uncál agus annsin nuair a shroiceadar an teach a bhí leagtha amach eatorra do théigheadh an uncál agus chuirfeadh sé fhios ar an bhfear go raibh fáilte roimhe agus do rinneadar cleamhnas phósta annsin, idir an bhuachaill agus an cháilín. Nuair do bhéadh an bheirt-nuadh-pósta ag teacht amach as an t-séipéil do chuirfeadh an cháilín an fear amach roimpi go dtí nach bhfaigheadh sí bás roimhe. Pisréog éile é sin a bhí ann.
    Isteach ins an gCladach fadó bhí fáinne ag na daoinibh pósta agus tugtar “Heart-and-Hand” air. Sin:- bhí lámh ann agus croidhe dhuine, agus bhíodar ceangailte le chéile i gcomhartha phósadh agus cáirdeamhail.
    Nuair do bhéadh duine ar tí pósta do gheibheadh sé airgead nó beithidhigh ó na daoinibh sa mbaile. Spré nó “dowry” a dtugtaí ar sin. Amach faoí’n dtuaith a thárlaí na rudaí seo agus rud neamh-choitchéantach é i gcathair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig O Dubhghaill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Dubhghaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Duganna Nua, Co. na Gaillimhe