Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)
- Suíomh:
- Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort na Léime
- XML Leathanach 0296
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Dealg i gcos duine: Cuirtí luibh darbh ainm boglas síos dá bruit, agus min coirce leis. Measgtaoí suas iad, agus cuirtí leis an áit ann i mbíodh an dealg é. Thagadh an dealg amach.Dá mbeadh cos nó lámh le duine dóighte nó ball ar bith dá chorp. Cuirtí "ola an phuill mhóna leis. Sé ola an phuill mhóna an rud glas a bhíonn le fághail ar bharr poll móna. Togtaoí suas an "ola" seo, agus fáisgtí é. Cuirtí im gan salann tríd, agus cuirtí leis an bhall de'n chorp a bhíodh dóighte é.