Scoil: Crois-Bhóthar

Suíomh:
Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0339

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0339

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Crois-Bhóthar
  2. XML Leathanach 0339
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó bhíodh ceann gach tighe déanta de sgráitheanna; ní raibh ceann tuighe acht ag cor-cheann.
    Bhíodh "cailleach" in gach teach ag a cúl fadó agus na sean-daoine (an t-athair is an mháthair) a chodluighlí innti. Bhíodh simne i roinnt teach agus é déanta de 'dáib' agus tuighe. Ghníodhtí fráma le ceithre píosaí adhmaid ar dtús agus annsin cuirtí an dáib agus an tuighe fighte le chéile idir an fráma.Tugtaoi 'maide beama' nó treasnán ar an maide mór ar a luigheann an fráma sin. Tá
    simne mar sin i dteach deirbhfiúra mo shean-mháthar i gCoill a' Thalaimh, 3 nó 4 míle ón áit seo.
    Ní bhíodh simne ar bith i dteachaibh eile acht poll in díon an tighe.
    Dhúnadh na daoine na doirse san oidhche le "Maide Éamuin".
    Bhíodh i ngach teach fadó acht fuinneóg
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Bhriain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe