School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Northampton
- XML Page 0125
- XML “Scéalta faoi na Siógaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)madra agus chuir an mada istigh de'n claidhe é agus lean sé é tríd na páirceanna é. Nuair a d'eirigh an buachaill ar maidin bhí an mada millte gearrtha. Chuaidh an mac síor 'san seomra agus bhí sé ghá bhuaileadh gur dhéan se púchan dé adhnámha an sean-fhear.
Bhí taidhbhse eile in aice na scoile.
bhí bean i gCinn Mhara agus shíl sí go raibh rud eicint ar a mac agus thug sí suas go 'Biddy Early' é, bean a bhí in a 'witch' agus d'fhéadfadh sí chuile dhuine a leigheas. Nuair a ghlaoidh sí air sé dubhairt a mac ná 'droi rath ar an sean 'witch' sin níl aon leigheas aice-sin". Nuair a bhí siadag dul ann chuir sí 'parcel' mór 'san gcárr leithe. Nuair a 'landáil' siad thuas ag 'Biddy' dubhairt 'Biddy'. "Cé'n gnó a bhí agat é a thiubhrfadh annso. Nár dhubhairt sé nach raibh aon leigheas agam. Níl aon phioc air. Nuair a bheidh tú míle go leith ó do bhaile tabhair aire maith dhuit féin.Ní leagfar thú air tubhair aire dhuit féin". Nuair a tháinig siad ag an sgoil lean fear taidhbhse iad air ní fhéadfadh sé teacht suas leobhtha agus chuaidh siad abhaile slán.(continues on next page)- Collector
- Ristéard Ó Cobhthaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Chathair Mhór, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Bean de Búrca
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 84