School: Northampton (roll number 6396)

Location:
Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Tomás Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0128

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0128

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Northampton
  2. XML Page 0128
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scealta faoi na Fíníní”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    le é a chur i dtaisge isteach i gcloich mhór. Nuair a bhí an dáta suas dubhair[t] a aithir leis a dhul i mhullach isteach ins an áit agus nach mbeadh aon bhaogha[l] air. Séard dubhairt an mac nach "ní rachaidh ma's é an bás a gheall Dia domsa fanfidh mé annso". Chuaidh sé ar a dhá glúin agus dubhairt sé "céad fáilte roimh grásta Dé." Briseadh suas an chloch agus shábhaileadh é mar chreid sé i Dia.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgéalta faoi na Finníní.
    Bhí 'barrack' thiar i gCondae an Chláir i ndáil leis an Spá. Tháinig na Finníní ann fhad is a bhí na daoine ag an Aifreann agus mharbhuigh siad na 'píleirs' ceathar aca. Annsin chuaidh ná 'píleirs' timcheall an áit agus chuir siad alán buachaillé a bhí timcheall an áit sa bpriosúin. Bhí fear ins an Spá thiar agus dhéin sé spiadóireacht orra agus dhéin sé spiodóireacht ar fhear bacach a bhí ann agus cuireadh isteach go h-Innis 'jail' é. Nuair a bhí sé ag dul istea[ch] go dtí an chúirt dubhairt a driocháir leis "a mhich na caillighe rugadh de pháiste thú agus fáigh bás id'fhear." Croch [?] an spiadóir buchaill nach raibh ann chor ar bith na scéméirí. B'éigin do'n Conaire an spiadóir imteacht as an thír agus chuaidh sé go 'Sydney'. I gceann ceithre bliadna in a dhiaidh sin chuaidh dreitháir do'n buachaill a crochadh nach raibh 'san 'gang' chor ar bith go 'Sydney' agus cé'n áit a chuirfeadh an mí-adh isteach é ach 'san áit a bhí an Conaireach ag obair. Tháinig Conaire i ndáil agus chraith sé lámh leis agus bhí sé ag iarraidh chuile scéalta nua ó Éirinn agus ó Chondae an Chláir. "Ná corruigh as sin anois" a dúbhairt Conaire "go dtagaidh mise amach. Gheobhaidh mé obair dhuit. Tá mé ag dul isteach ag mo dhinnéir." "Fanfaidh mé annseo" arsan mbuachaill "go dtagadh tú." Nuair a tháinig sé amach chuaidh sé ag obair. Ag deanamh 'yard' mór a bhí siad. Nuair a fuair an buachaill cromtha síos é ag cur síos na 'mbricks' 'san
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. cumainn rúnda (~18)
          1. Fíníní (~141)
    Language
    Irish
    Informant
    Riocáird de Búrca
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    An Chathair Mhór, Co. na Gaillimhe