School: Northampton (roll number 6396)

Location:
Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Tomás Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0129

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0129

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Northampton
  2. XML Page 0129
  3. XML “Scealta faoi na Fíníní”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dtalamh, rug an buachaill ar mhailléid agus thug sé buille dó go dhéin sé ghá leith dá chloigeann. Nuair a chonnaic na fir a bhí ag obair in éindigh leis é sin rith siad go mbearfaidh siad ar an buachaill a dhéin é. "Na corruigh" arsan mbuachaill "tá mé sásta bás a fhághail anois nuair atá an oiread sin sásamh agam ar an scéiméirí". D'innis sé an sgéal dóibh ar fad annsin. Séard a dhéin na fir annsin ná airgead a thabhairt dó agus dubhairt siad leis bailiú leis chom fada isteach 'san tír is a féidir leis. Bhí teach lóstín ag a bhean is bhí na fir ar fad ag fanacht ann agus d'imthigh siad ar fad uaithe agus b'éigin di imteacht as an áit. Scríobh an buachaill abhaile i cúpla mí in a dhiaidh sin agus dubhairt sé go ngeobhfadh sé bás socair anois go raibh sé sin déanta aige agus gur fhiuch an fhuil in a croidhe nuair a chonnaic se an spiadóir.
    (2) Bhí na Fíníní ag baint na rubail de na ba a bhí ag Máirtín de Tudloidhre thaobh thuas de Lábán mar bhí sé go h-olc ar na tenents. D'innis siad é sin do shean fhear a bhíodh ag dul in éindigh leobhtha a bhí tinn. Ar maidin thánig na 'pílers' ag fuinneóg an sean-fhear nuair a chonnaic siad na ba gan aon rubail. "An bhfuil tú istigh a Sheáin" arsa na 'pílers'. "Táim" arsan sean-fhear "ní'l rubal orra". Rug na 'pílers' air annsin agus crocadh é. Nuair a bhí sé ghá crochadh thíos i nGallimh bhris an rópa. "Tá mo shaoghal agam" arsan sean-fhear. "Ní'l" arsan sean-Máirtín "má bhfuil slabhra i nGallimh a chrocha thú. Agus crochadh é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. cumainn rúnda (~18)
          1. Fíníní (~141)
    Language
    Irish
    Informant
    Riocáird de Búrca
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    An Chathair Mhór, Co. na Gaillimhe